St Patrick’s Day – Liturgy Preparation – as Gaeilge agus Béarla!
Blessing of Shamrock
The Lord be with you.
And also with you.
May St. Patrick be a prayerful companion to the people of
and may we be faithful to the faith of our ancestors
Amen.
May the Lord bless + these plants – symbols of our faith in the Trinity
and of our Patron Patrick
May Almighty God bless you, Father, Son and Holy Spirit
Go in the love and peace of Christ
Thanks be to God
As Gaeilge
Go mbéadh Pádraig Aspal in éineacht le muintir na hÉireann i gcónaí agus go mbéimis dílis do chreidimh ár sínsir. Amen
Go mbeannaí Dia na plandaí + seo siombail ár gcreidimh agus ár bpátrún Pádraig. Amen
Go mbeannaí Dia uilechumhachtaigh sinn – Athar, Mac agus an Spioraid Naomh. Amen.
Go dté sibh slán faoi Íosa Críost – gach la agus oíche
Amen
Naomh Pádraig, easpag
Naomh Pádraig, easpag – Príomhéarlamh na hÉireann
17 Márta
Loinneog don Iontróid (Gein 12:1-2)
Imigh ó do thír féin agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar
chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.
Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú
agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin
go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
An Chomhurnaí
A Thiarna,
de bharr shaothar Naomh Pádraig in Éirinn
tá sé tar éis teacht linn rúndiamhair an aon fhíor-Dhia amháin a admháil
agus buíochas a ghabháil as ár slánú i gCríost;
de bharr a idirghuí deonaigh go gcoinneoimidne,
a cheiliúrann an fhéile seo,
tine an chreidimh, a d’adhain sé, beo i gcónaí inár measc.
Trínár dTiarna Íosa Críost do Mhac,
a mhaireann agus a rialaíonn leatsa,
mar aon leis an Spiorad Naomh, ina Dhia,
trí shaol na saol.
Leicseanáir: Bliain ABC
An Chéad Léacht: Sliocht as leabhar Shíorach (39:6-10)
Ní rachaidh a chuimhne ar ceal agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
Más toil leis an Tiarna mór é,
líonfar é de spiorad na tuisceana;
titfidh briathra na heagnaíochta ina bhfrasa óna bhéal,
agus gabhfaidh sé buíochas le Dia san urnaí.
Cuirfidh sé dea-threoir ar a intinn agus ar a eolas,
agus déanfaidh sé machnamh ar a rúndiamhra folaithe.
Léireoidh sé an teagasc a tugadh dó,
agus beidh sé mórtasach as dlí chonradh an Tiarna.9
Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,
agus ní ligfear i ndearmad é go deo;
ní rachaidh a chuimhne ar ceal,
agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
Fogróidh ciníocha a eagna,
agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí.
Briathar Dé.
Salm Loinneogach: Salm 115: 12-19. L v.12
Loinneog: Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom?
Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna
ina ndearna sé dom?
Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,
gairfidh mé ainm an Tiarna.
Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
i bhfianaise a phobail.
Is luachmhar i láthair an Tiarna
bás a fhíréan.
Is mise do ghiolla, a Thiarna,
sea, is mac do chailín aimsire;
scaoil tú mo chuibhreacha.
Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit;
gairfidh mé ainm an Tiarna.
Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
i bhfianaise a phobail,
i gcúirteanna áras an Tiarna
i gceartlár Iarúsailéim.
An Dara Léacht: Sliocht as dara litir Naomh Pól chuig Tiomóid (4:1-8)
Bí ag áitiú, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríochtan briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; tabharfaidh siad an chluasbhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta. Ach bíse stuama staidéartha in gach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.
I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deochíobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.
Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
Briathar Dé.
Comhgháir an tSoiscéil: Séam 1:21
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
Glacaigí go ceansa le Briathar Dé a síoladh ionaibh
agus atá in ann bhur n-anam a shlánú, agus géill dó.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
An Soiscéal: Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Mhatha (13:24-32)
Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, is é is mó de na toir.
Chuir Íosa parabal eile os a gcomhair: ‘Is iad dála ríocht na bhflaitheas,’ ar seisean,’mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.
Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d’imigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin.
Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: “A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?” Dúirt sé leo: “Namhaid éigin a rinne an méid sin.” “Agus ar mhaith leat,” deir na sclábhaí leis, “go rachaimis á bhailiú chun a chéile?” “Ná déanaigí,” ar seisean, “ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.”’
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: ‘Is cosúil ríocht na bhflaitheas,’ ar seisean, ‘le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.’
Soiscéal Dé.
Os Cionn na nOfrálacha
A Thiarna,
glac leis an íobairt fhíorghlan seo
a ofrálann do phobal buíoch duit
de bharr shaothar Naomh Pádraig
chun glóir d’ainm.
Trí Chríost ár dTiarna.
An Phreafáid
S Go raibh an Tiarna libh.
P Agus leat féin.
S Tógaigí bhur gcroí in airde.
P Tá sé tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S Gabhaimis buíochas leis an Tiarna Dia.
P Is ceart agus is cóir sin.
Is ceart agus is cóir dúinn go deimhin,
is é ár ndualgas agus ár slánú é
buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit,
a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
gus thú a mholadh go cuí
agus sinn ag tabhairt ómóis do Naomh Pádraig.
Óir trína phaidreoireacht laethúil
le linn dó bheith i ngéibheann agus ag fulaingt cruatain
thug tú air thú a aithint mar Athair grámhar.
Thogh tú é as a raibh ar domhan
chun filleadh ar thír na ndaoine a rinne príosúnach de
i dtreo is go n-admhóidís Íosa Críost, a Slánaitheoir.
Trí chumhacht do Spioraid threoraigh tú a bhealaí
ionas gur éirigh leis clann mhac agus iníonacha na nÉireannach
a iompú chun seirbhís Dé Thrí-aonta.
Le croíthe lúcháireacha canaimidne atá sa saol seo
mar a chanann na haingil ar neamh
agus iad ag moladh do ghlóire gan stad:
Is naofa, naofa, naofa…
Loinneog don Chomaoineach (Cf. Mth 8:11)
Tiocfaidh mórán anoir agus aniar
agus beidh siad ina suí chun boird
le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas,
a deir an Tiarna.
An Iarchomaoineach
Neartaigh sinn tríd an tsacraimint seo, a Thiarna,
i dtreo is go ndéanfaimid an creideamh a theagasc Naomh Pádraig
a admháil agus a fhógairt
trínár modh maireachtála.
Trí Chríost ár dTiarna.
Beannacht Shollúnta
Dia an tAthair,
a thionól le chéile sinn
le féile Naomh Pádraig a cheiliúradh,
go mbeannaí sé sibh, go gcosnaí sé sibh
agus go gcoinní sé sibh
dílis don chreideamh i dtólamh.
P. Amen.
Go raibh Críost, an Tiarna,
Ardrí na bhflaitheas,
i ngar daoibh i gcónaí
agus go gcumhdaí sé sibh ar an olc.
P. Amen.
Go ndeonaí an Spiorad Naomh,
foinse gach naofachta,
go mbeidh sibh lán de ghrá do phobal Dé.
P. Amen.
Agus go dtaga beannacht Dé uilechumhachtaigh,
Athair, Mac † agus Spiorad Naomh,
anuas oraibh agus go bhfana libh de shíor.
P. Amen
MASS IN ENGLISH
Opening Comment
As we journey through Lent, we pause from our Lenten penances to honour Patrick, the apostle of the Irish. In our celebration of this solemn feast, we worship God, creator, redeemer and sanctifier, who brought our ancestors into the Christian fold through the preaching of St Patrick.
Penitential Rite: To prepare ourselves for this celebration, let us call to mind our continuing need of grace and mercy: (pause)
I confess…
(then: A Thiarna, déan trócaire x 2; A Chríost, déan trócaire x 2; A Thiarna, déan trócaire x 2.)
Introduction to the Scripture Readings
Ecclesiasticus 39:6-10 — Like the wise man praised in this reading, Patrick was filled with the spirit of understanding. His memory will not disappear.
2 Timothy 4:1-8 — Paul gives his advice to an apostle, advice St Patrick heeded and lived
Matthew 13:24-32 —Every country has good and bad in it, wheat and darnel: God will sort it all out at the end of time. But the smallest seed of goodness can produce the biggest harvest, like the impact of the small country like Ireland, the land of Patrick.
The General Intercessions
Introduction (by the Presider)
Because God’s love for us is strong, we can present our needs with confidence.
Intercessions (announced by the deacon, cantor or another person)
- That the leaders of the Church in Ireland may have the courage and wisdom of Patrick. (Pause for silent prayer) Lord, hear us.
- That peace and friendship may grow among Irish people of all faiths. (Pause for silent prayer) Lord, hear us.
- That the civic leaders of Ireland may bear witness to Christian values: honesty, generosity and compassion. (Pause for silent prayer) Lord, hear us.
- That Irish emigrants may have the help they need, particularly those who feel lonely and lost. (Pause for silent prayer) Lord, hear us.
- That the people who enter Ireland as refugees and asylum seekers may experience friendship and support. (Pause for silent prayer) Lord, hear us.
- That our loved ones who have gone on the way of truth (‘ar shlí na fírinne’) may enter the promised land of heaven. (Pause for silent prayer) Lord, hear us.
Conclusion (by the Presider)
God of all nations, you are faithful to your people: Hear the prayers we bring on the feast of Patrick and grant them, we implore you, through Christ our Lord. Amen
Liturgical Suggestions
Best vestments are worn, spring flowers decorate the altar (just for today) and flags are flown (Irish/European/Vatican). Penitential Rite a (Confiteor), possibly followed by the Kyrie Eleison in Irish (as above). Gloria. Alternative Opening prayer. Lenten gospel acclamation. Preface of the Apostles 1 or Holy Men and Women 1. Eucharistic Prayer 2. Solemn Blessing 17 (Apostles – adapted) or 18 (All Saints). Use the Irish language during Mass: eg general greeting: Go raibh an Tiarna libh / Agus leat féin etc.
Songs
‘Be Not Afraid’; ‘Christ Be Beside Me’; ‘Hail Glorious St. Patrick’.
