Presider’s Page for 17 March (Lá Fhéile Pádraig – Gaeilge & Béarla)

Opening Comment
In the heart of Lent, we keep the feast of Patrick, the patron saint of Ireland. We mark the day by praising God the creator, who sustained Patrick, and who sustains the Church, in good times and bad.

Penitential Rite
To prepare ourselves for this solemn celebration, let us call to mind our sins: (pause)
Lord Jesus, you came to reconcile us to one another and to the Father: Lord, have mercy / A Thiarna déan trócaire
Lord Jesus, you heal the wounds of sin and division: Christ, have mercy  / A Chríost déan trócaire)
Lord Jesus, you interceded for us with your Father: Lord, have mercy / A Thiarna déan trócaire)

Alternative Opening Prayer (1998 ICEL Missal)
Lord God,
in your loving providence
you sent the holy bishop Patrick
to preach your glory to the people of Ireland;
grant through his merits and prayers
that all who rejoice in the name of Christian
may proclaim your wonderful deeds to all the world.
We ask this through our Lord Jesus Christ, your Son,
who lives and reigns with you in the unity of the Holy Spirit,
God for ever and ever.

OR:

An Chomhurnaí
A Thiarna,
de bharr shaothar Naomh Pádraig in Éirinn
tá sé tar éis teacht linn rúndiamhair an aon fhíor-Dhia amháin a admháil
agus buíochas a ghabháil as ár slánú i gCríost;
de bharr a idirghuí deonaigh go gcoinneoimidne,
a cheiliúrann an fhéile seo,
tine an chreidimh, a d’adhain sé, beo i gcónaí inár measc.
Trínár dTiarna Íosa Críost do Mhac,
a mhaireann agus a rialaíonn leatsa,
mar aon leis an Spiorad Naomh, ina Dhia,
trí shaol na saol.

Introduction to the Scripture Readings  
Ecclesiasticus (Sirach) — Patrick lives on in the memory of the Irish, as the author of this reading foretold. His understanding of the Lord’s hidden mysteries will never be forgotten.
2 Timothy 4:1-8 — Like St Paul, Patrick fought the good fight of the faith to the end of his life.
Matthew 13:24-32 — Like a mustard seed, the faith that St Patrick preached in the small island of Ireland has become the biggest of shrubs, spreading with Irish missionaries all over the world.

BIDDING PRAYERS

Introduction (by the Presider) Let us bring our needs to the one true God, preached by St Patrick.

  1. That the people of God in Ireland may keep alive the faith that Patrick preached (we pray quietly for this). Lord, hear us (or “A Thiarna éist linn“)
  2. That everyone who lives on the island of Ireland may work for peace and harmony (we pray quietly for this). Lord, hear us (or “A Thiarna éist linn“)
  3. That Irish people the world over may enjoy God’s favour and protection (we pray quietly for this). Lord, hear us (or “A Thiarna éist linn“)
  4. That our young Irish emigrants may be safe when they are far from home (we pray quietly for this). Lord, hear us (or “A Thiarna éist linn“)
  5. That our new Irish citizens, who have come from many lands, may feel protected and safe here (we pray quietly for this). Lord, hear us (or “A Thiarna éist linn“)
  6. That Irish families who find themselves homeless may soon be housed (we pray quietly for this). Lord, hear us (or “A Thiarna éist linn“)

The Presider prays for the dead: That our ancestors and all our friends who have died may have the light of heaven (we pray quietly for this). Lord, hear us (or “A Thiarna éist linn“)

Conclusion (by the Presider) God of truth and beauty, you look after us through the prayer of our friends, the saints: keep us and all your Irish flock in your care, through Christ our Lord. Amen.

PRAYER OVER THE GIFTS
Os Cionn na nOfrálacha
A Thiarna,
glac leis an íobairt fhíorghlan seo
a ofrálann do phobal buíoch duit
de bharr shaothar Naomh Pádraig
chun glóir d’ainm.
Trí Chríost ár dTiarna.

PREFACE OF SAINT PATRICK
An Phreafáid

S     Go raibh an Tiarna libh.
P    Agus le do spiorad féin.

S     Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P     Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.

S     Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
P     Is ceart agus is cóir sin.

Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is
tairbheach,
buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit,
a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh
shíoraí,
agus thú a mholadh go cuí
agus sinn ag tabhairt ómóis do Naomh Pádraig.

Óir trína phaidreoireacht laethúil
le linn dó bheith i ngéibheann agus ag fulaingt cruatain
thug tú air thú a aithint mar Athair grámhar.
Thogh tú é as a raibh ar domhan
chun filleadh ar thír na ndaoine a rinne príosúnach de
i dtreo is go n-admhóidís Íosa Críost, a Slánaitheoir.
Trí chumhacht do Spioraid threoraigh tú a bhealaí
ionas gur éirigh leis clann mhac agus iníonacha na
nÉireannach
a iompú chun seirbhís Dé Thrí-aonta.
Uime sin, mar aon leis na hAingil agus leis na hArdaingil,
agus le sluaite iomadúla na Naomh,
gabhaimid iomann molta duit á rá gan stad:

Is Naofa, Naofa, Naofa thú, a Thiarna Dia na Slua.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hósanna sna harda

A Thiarna, is Naofa thú go fírinneach; is tú tobar na
naofachta go léir.
Naomhaigh, mar sin, impímid ort,
na bronntanais seo le drúcht do Spioraid,
chun go ndéanfar díobh inár gcomhair Corp agus + Fuil ár
dTiarna, Íosa Críost.

Nuair a bhi sé á thabhairt suas chun na Páise dá dheoin
féin,
ghlac sé an t-arán, agus ag gabháil buíochais leat, bhris,
agus thug dá dheisceabail é, á rá:
GlACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE É SEO:
ÓIR IS É SEO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHUR SON.

Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir,
ag glacadh na cailíse, agus ag gabháil buíochais leat arís,
thug sé dá dheisceabail í, á rá:

GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILE AISTI SEO:
ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA,
FUILAN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHUR SON
AGUS AR SON MÓRáIN
CHUN MAITHIÚNAS NA BPEACAÍ.
DÉANAIGÍ É SEO I GCUIMHNE ORMSA.

 

Rúndiamhair an chreidimh (The mystery of faith) Mo Thiarna agus mo Dhia.

Dá réir sin, a Thiarna Dia,
ag cuimhneamh dúinn ar bhás agus ar aiséirí Chríost,
ofrálaimid duit arán na beatha agus cailís an tslánaithe,
agus gabhaimid buíochas leat
toisc gurbh fhiú leat
sinn a bheith i do láthair agus ag fónamh duit.
Iarraimid go humhal ort go n-aontófar le chéile,
le cumhacht an Spioraid Naoimh,
sinne atá páirteach i gCorp agus i bhFuil Chríost.

Tabhair chun cuimhne, a Thiarna, d’Eaglais ar fud an
domhain mhóir
chun go ndéanfá í a neartú sa charthanacht
i gcuideachta lenár bPápa Francis, agus lenár nEaspag A.,
agus leis an gcléir uile.

Cuimhnigh freisin ar ár muintir féin
a fuair bás agus iad ag súil le haiséirí agus orthu siúd uile
atá imithe ar shlí na fírinne faoi do ghnaoi
agus fáiltigh rompu isteach i solas do ghlóire.

Déan trócaire orainn uile, impímid ort, ionas gurbh fhiú
sinn a bheith páirteach sa bheatha shíoraí
chun tú a mholadh agus a ghlóiriú
i gcuideachta na Maighdine Beannaithe Muire, Máthair
Dé, na Naomhaspal, Naomh Pádraig agus na Naomh uile
a rinne do thoilse riamh anall
trí do Mhac Íosa Críost.

Is trid agus leis agus ann a thugtar gach onóir agus glóir
duitse, a Dhia, an tAthair uilechumhachtach, in aontacht
an Spioraid Naoimh, trí shaol na saol.
Amen.

PRAYER AFTER COMMUNION
An Iarchomaoineach
Neartaigh sinn tríd an tsacraimint seo, a Thiarna,
i dtreo is go ndéanfaimid an creideamh a theagasc
Naomh Pádraig
a admháil agus a fhógairt
trínár modh maireachtála.
Trí Chríost ár dTiarna

SOLEMN BLESSING
Beannacht Shollúnta
Dia an tAthair,
a thionól le chéile sinn
le féile Naomh Pádraig a cheiliúradh,
go mbeannaí sé sibh, go gcosnaí sé sibh
agus go gcoinní sé sibh
dílis don chreideamh i dtólamh. Amen.

Go raibh Críost, an Tiarna,
Ardrí na bhflaitheas,
i ngar daoibh i gcónaí
agus go gcumhdaí sé sibh ar an olc. Amen.

Go ndeonaí an Spiorad Naomh,
foinse gach naofachta,
go mbeidh sibh lán de ghrá do phobal Dé. Amen.

Agus go dtaga beannacht Dé uilechumhachtaigh,
Athair, Mac agus Spiorad Naomh,
anuas oraibh agus go bhfana libh de shíor. Amen

Join the Discussion

Keep the following in mind when writing a comment

  • Your comment must include your full name, and email. (email will not be published). You may be contacted by email, and it is possible you might be requested to supply your postal address to verify your identity.
  • Be respectful. Do not attack the writer. Take on the idea, not the messenger. Comments containing vulgarities, personalised insults, slanders or accusations shall be deleted.
  • Keep to the point. Deliberate digressions don't aid the discussion.
  • Including multiple links or coding in your comment will increase the chances of it being automati cally marked as spam.
  • Posts that are merely links to other sites or lengthy quotes may not be published.
  • Brevity. Like homilies keep you comments as short as possible; continued repetitions of a point over various threads will not be published.
  • The decision to publish or not publish a comment is made by the site editor. It will not be possible to reply individually to those whose comments are not published.